Ronnie Delany (1935-), Sportsman


James Hanley (1965-)
Ronnie Delany (1935-), Sportsman, 2000

Ola ar línéadach, 206 x 155 cm
Coimisiúnaithe mar chuid den tSraith Phortráide Irish Life & Permanent,2000
NGI.4684
 

Ba é Ronnie Delany an duine is óige agus an seachtú duine riamh míle a rith i níos lú ná ceithre nóiméad, sular bhain sé bonn óir d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha in Melbourne i 1956. Bhunaigh sé trí churiarracht dhomhanda i mbéal a chéile don mhíle taobh istigh, agus bhain sé daichead rás i mbéal a chéile taobh istigh idir1955 agus 1959. Léiríonn an t-ealaíontóir an t-iarfhear spóirt mar dhuine nach bhfuil mórán dá neart fisiceach caillte aige. Soláthraíonn tagairtí dá shaol spórtúil mionsonraí beathaisnéiseacha don fhéachadóir. Tá an pictiúr suntasach mar gheall ar a dhathanna beoga, a chosúlacht dhiongbháilte le Delany agus cáilíocht mhionsonraí cúlra an trompe l’œil. Rinne James Hanley BA i mBéarla agus i Stair na hEalaíne ag UCD, agus Mionealaín ag NCAD ina dhiaidh sin.

View a selection of paintings from the National Portrait Collection