Maeve Binchy (1940-), Writer


Maeve McCarthy (1964-)
Maeve Binchy (1940-), Writer, 2005

Ola ar bhord, 125.2 x 88.4 x 6 cm (frámaithe)
Coimisiúnaithe mar chuid den tSraith Phortráide Irish Life & Permanent, 2005
NGI.4752 

I measc na n-úrscéalta is mó a bhfuil gean orthu de chuid Maeve Binchy ná Light a Penny Candle; Echoes; Firefly Summer; Silver Wedding; Circle of Friends (rinneadh scannán de ina bhfuil Minnie Driver agus Chris O’Donnell) agus Tara Road (rogha ó Oprah Book Club agus scannán). Rugadh agus oileadh i mBaile Átha Cliath í, scríobh sí ar dtús ag The Irish Times i 1969. Tá sí ina cónaí lena fear céile, Gordon Snell, i mBaile Átha Cliath. Sa phortráid seo, tá Binchy ina suí ina háiléar-ceardlann athchóirithe, timpeallaithe ag pictiúir, leabhair, grianghraif agus earrai cuimhneacháin, cuid mhór acu a fuair sí mar bhronntanais. Nochtar a fear céile sa chúlra, ina shuí taobh amuigh, ag léamh The Irish Times. Bronnadh céim BA i Mínealaíon ar an ealaíontóir Maeve McCarthy (rugadh i mBaile Átha Cliath 1964), i gColáiste Náisiúnta Ealaíne, Baile Átha Cliath i 1989. Bhí a céad taispeántais aonair in Bluff, Utah agus Durango, Colorado. Tá sí lonnaithe faoi láthair i mBaile Átha Cliath. Tá a lán duaiseanna bainte aici ar son a féinphortráidí, lena n-áirítear an Duais BP chreidiúnach, ag Gailearaí Náisiúnta Portráidí, Londain.

View a selection of paintings from the National Portrait Collection