Lady Sydney Morgan (1778-1859), Author


René Théodore Berthon (1776-1859)
Lady Sydney Morgan (1778-1859), Author, 1818

Ola ar chanbhás, 130 x 98 cm
Uachtaithe Lady Sydney Morgan, 1860
NGI.133

Bhí athair Lady Sydney Morgan ina aisteoir-bhainisteoir san Amharclann Ríoga i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh sise ar feadh tamaill ghairid mar bhanghobharnóir sular fhoilsigh sí imleabhar beag dá cuid féin de véarsaí socraithe le foinn Éireannacha, i stíl Thomas Moore. Bhog sí ar aghaidh le húrscéalta a scríobh, agus bhí rath láithreach aici lena Wild Irish Girl (1806). Bhí salon liteartha aici ina teach i Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath. Thaistil sí go forleathan agus chuir sí a heispéiris ina cuid scríbhneoireachta. Bhí dearcadh láidir náisiúnach ina cuid saothair, agus bhí Fuascailteoirí Caitliceacha agus Liobrálaithe an-tógtha léi. Ba í an chéad bhean riamh a fuair pinsean liosta-shibhialta ar son na scríbhneoireachta. Is cosúil gur péinteáladh an phortráid seo i bPáras, áit ar stop Morgan ar a bealach chun na hIodáile.

View a selection of paintings from the National Portrait Collection