Péintéireacht na Spáinne


Clúdaíonn an bailiúchán Spáinneach cúig chéad. Is é an saothar is luaithe painéal ó lár an chúigiú céad déag ag Nicolás Francés. Tá pictiúir ón séú céad déag ann ag Juan Fernández de Navarrete, Luis de Morales agus ag El Greco, a bhí gníomhach in Toledo.

Tá saibhreacht de shaothair sa bhailiúchán ón seachtú céad déag, Ré Óir phéintéireachta na Spáinne. Léirítear go saibhir Bartolomé Esteban Murillo agus Francisco de Zurbarán, beirt a chaith an chuid ba mhó dá ngairmréimeanna in Sevilla.  D’aistrigh Diego Velázquez ó Sevilla go Maidrid i 1623, áit ar ceapadh é mar Pintor del Rey. Sa bhailiúchán tá The Supper at Emmaus, pictiúr óna ghairmréim luath agus mar chuid de bhronntanas Beit de sheacht sárshaothar déag a tugadh don Ghailearaí i 1987. Léirítear páirt Jusepe de Ribera, a chaith a ghairmréim aibí san Iodáil, áit ar tháinig sé faoi thionchar Caravaggio, le roinnt ábhar creidimh. Ta saothair ann freisin ag Juan van der Hamen y León, Pedro Núñez del Valle, José Antolínez agus Juan Antonio de Frías y Escalante, agus ábhar neamhbheo ag Juan Fernández (‘El Labrador’). Tá ceithre chanbhás ag an nGailearaí ag Francisco José de Goya, ina measc a Portrait of Doña Antonia Zárate galánta, atá mar chuid den bhronntanas Beit.