Bailiúchán Dealbhóireachta


Baineann an chuid is mó den bhailiúchán de dhealbhóireacht Eorpach leis na blianta idir an seachtú céad déag agus an fichiú céad.

Tá cuid mhór cóipeálacha galánta den seandacht ón ochtú céad déag sa bhailiúchán, go háirithe saothair mharmair ag Giovanni Battista Piamontini agus Bartolomeo Cavaceppi. Tá tionchar na dealbhóireachta clasaicí le feiceáil i gceithre chré-umha Flórans de Hercules bunaithe ar shaothar Giambologna, agus le dealbh ón ochtú céad déag de Adonis ag François-Marie Poncet. Is é buaicphointe an bhailiúcháin saothar marmair nua-chlasaiceach Amorino ag Antonio Canova, a choimisinigh pátrún óg Éireannach, David La Touche, i 1789.

D’éascaigh Ciste Shaw Fund sealbhú de phortráid bharócach ag François Du Quesnoy, ábhar miotaseolaíoch snoite i ngaineamhchloch ag Ferdinand Dietz, figiúr aol-adhmaid mhórshiúlaigh den fháidh Elijah, curtha i leith do Juan Alonso Villabrille y Ron, agus Eurydice déanta i murmar ag Lawrence MacDonald. I measc na bpíosaí ón naoú céad déag tá saothair chré-umha ag Auguste Rodin agus Aimé Jules Dalou, an bheirt a bhí bronnta ag Sir Hugh Lane, iar-Stiúrthóir an Ghailearaí.

Tá líon mór dealbh ag ealaíontóirí Éireannacha ag an nGailearaí. I measc na saothar tá dealbha portráide ag Patrick Cunningham, Thomas Kirk, Christopher Moore agus Peter Turnerelli, a d’oibrigh i mBaile Átha Cliath agus i Londain, agus freisin saothair ag Christopher Hewetson agus John Hogan, a bhí lonnaithe sa Róimh.

Léirítear dealbhóireacht Éireannach ón naoú céad déag go háirithe i saothar John Foley, an cleachtóir is suaitheanta ina ghlúin féin. Tá réimse dearbh Éireannach ón fichiú céad, ó mhúnlaí beaga (maquettes) plástair ag Jerome Connor go cinn phortráide agus ábhair fháthchiallacha ag Oliver Sheppard, Albert Power agus Oisín Kelly.

Tá cré-umha mór de William Dargan ag Thomas Farrell, a tógadh i 1864, suite os cionn réamhchúirte an Ghailearaí.