Péintéireacht Nua-Aimseartha na hEorpa


Léirítear péintéireacht nua-aimseartha na hEorpa le héagsúlacht d’ealaíontóirí, a lán acu a bhí faoi oiliúint, a d’oibrigh agus a thaispeáin a gcuid saothar i bPáras go déanach sa naoú céad déag agus go luath san fhichiú céad.

I measc na saothar is suntasaí tá radhairc istigh chaidreamhacha theaghlaigh ag an bpéintéir Nabis Pierre Bonnard agus Stella in a Flowered Hat (c.1907) saothar Fauve ag by Kees van Dongen. Tá an saothar mór Still-Life with a Mandolin ag Pablo Picasso ar na buaicphointí sa bhailiúchán. Rinneadh i 1924, is é ceann de naoi saothar cosúla sintéiseacha ciúbaí é a phéinteáil sé sa tréimhse siúd. Léirítear Ciúbachas tuilleadh le Pierrot (1921) ag Juan Gris agus le Crucifixion (1935) ag Albert Gleizes. Sampla suntasach de ‘Ecole de Paris’ é an saothar eispriseanachais Landscape with Flight of Stairs (c.1922) ag Chaïm Soutine, ealaíontóir Giúdach as an mBealarúis, a lonnaigh i bPáras i 1913.

I measc saothar ag ealaíontóirí Eispriseanachais Gearmánacha tá Two Women in a Garden (1915) ag Emil Nolde, Departing Boats, Nidden ag Hermann Max Pechstein (1920) agus Girl with a Red Ribbon (1908) ag Gabriele Münter. Sa bhailiúchán freisin tá Umpferstedt III (1919), bailedhreach ilroinnte ag Lyonel Feininger .