Péinteoireacht na hIodáile


Tá an bailiúchán Iodálach comdhéanta de shaothair ón tréimhse Luath-Renaissance, Bharócach agus Nua-Chlasaiceach.
I measc bhuaicphointí na Luath-Renaissance tá ábhair chreidimh ag máistrí Fhlórans Paolo Uccello, Fra Angelico agus Filippino Lippi agus ag Andrea Mantegna, a d’oibrigh in Padua agus Mantua.

Léirítear an tArd-Renaissance le canbháis ag na péintéirí Veinéiseacha Titian, Jacopo Tintoretto agus Paolo Veronese. Tá portráidí galánta ann freisin ag Sebastiano del Piombo, Giovanni Battista Moroni agus Lavinia Fontana.

Is é saothar drámata ag Caravaggio The Taking of Christ buaicphointe na bpictiúr Barócach sa Ghailearaí. Péinteáladh sa Róimh i 1602, cuireadh an canbhás i leith go mícheart níos moille do Gerrit van Honthorst, leantóir Dúitseach de chuid Caravaggio. Bhí dhá mhalartú ar sheilbh an phictiúir ina dhiadh sin sular tugadh d’Íosánaigh na hEireann é, áit a raibh sé go dtí na 1990í, nuair a deimhníodh é mar fhíor-phictiúr. Thug an Pobal Íosánach i Sráid Líosain, Baile Átha Cliath an saothar corraitheach seo ar iasacht éiginnte don Ghailearaí.

Is féidir tionchar Caravaggio ar lucht a chomhaimsire a fheiceáil i saothair ag Orazio Gentileschi, Rutilio Manetti agus Mattia Preti, atá le fáil sa bhailiúchán. Tá na saothair seo comhlánaithe ag ocht gcanbhás, lena n-áirítear saothair ag Guercino, Guido Reni agus Domenichino, a thug Sir Denis Mahon don Ghailearaí i 2008.

Léirítear an t-éileamh ar phictiúir Vedute and Capricci san ochtú céad déag le saothair ag Bernardo Bellotto, Canaletto, agus Giovanni Paolo Panini. Tá roinnt portráidí galánta ag Pompeo Batoni ag an nGailearaí, a choimisinigh uaslathaithe Éireannacha agus Briotanacha agus iad ar Thuras Mór na hIodáile san ochtú céad déag.