Péintéireacht na hÉireann


Tá an bailiúchán is mó agus is suntasaí d’ealaín stairiúil na hÉireann atá ar fáil áit ar bith sa domhan ag an nGailearaí Náisiúnta.

Cuireadh tús dáiríre le traidisiún na péintéireachta tacais in Éirinn sa seachtú céad déag, nuair a thug James Butler, 1ú Diúc Ormonde, cuireadh d’ealaíontóirí chun na hÉireann le portráidí a phéinteáil mar iarracht scoil dhúchais a bhunú. Rinneadh dul chun cinn breise leis an tionscnamh seo sna 1740í le bunú Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Sholáthar scoileanna an Chumainn oideachas do ghlúin nua ealaíontóirí a bhí géar patrúnacht de chliantacht sofaisticiúl faoi bhláth a tharraingt le portráidí agus tírdhreacha lena dtithe a fhearastú. Tá saothair thábhachtacha sa bhailiúchán ag ealaíontóirí oirirce na tréimhse, go háirithe James Latham, Stephen Slaughter, Nathaniel Hone I, James Barry agus Hugh Douglas Hamilton.

Spreag mealladh de mhargadh níos leithne a lán ealaíontóirí tréitheacha Éireannacha aistriú go Londain, ina measc George Barret agus Nathaniel Hone the Elder, beirt a bhí ina mbunaitheoirí den Acadamh Ríoga Ealaíne. Leanadh ar aghaidh leis an bpatrún le linn an naoú céad déag, agus gairmréimeanna rathúla bainte amach i Sasana ag leithéid Francis Danby agus Daniel Maclise. In Éirinn san ochtú céad déag lean úinéirí saibhre talún radhairc ar a n-eastáit a choimisiúnú ag ealaíontóirí leithéid Barret agus Thomas Roberts. Tháinig athrú ar nádúr na pátrúnachta mar gheall ar Acht an Aontais i 1801, agus tugadh ar ealaíontóirí dóigheanna nua a fhorbairt lena ngairmréimeanna a choinneáil. Ba é bunú Acadamh Ibernach Ríoga i 1823 an tionscnamh is rathúla maidir leis seo.

Sa dara leath den naoú céad déag bhí Nathaniel Hone the Younger chun tosaigh i nglúin d’ealaíontóirí Éireannacha a thaistil chun na Fraince lena n-oideachas ealaíonta a leathnú. Chuaigh Walter Osborne, Frank O’Meara, William Leech, Roderic O’Conor agus daoine eile ina dhiaidh, daoine a tarraingíodh chuig coilíneacht ealaíontóirí ag an mBriotáin agus Barbizon. I measc an ghrúpa seo, ba é John Lavery an duine ba rathúla, agus chuaigh ar aghaidh le gairmréim an-rathúil a bhaint amach mar ealaíontóir portráide i Londain.

Sholáthair bunú de Scoil Chathrach Ealaíne (Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearaidh níos moille) bonn institiúideach le haghaidh dul chun cinn an oideachais ealaíne in Éirinn na linne siúd. D’éirigh an dalta ba cháiliúla a bhí ag an scoil, William Orpen, ina lóchrann do ghlúin nua ealaíontóirí, go háirithe Sean Keating, Leo Whelan agus Margaret Clarke. 

Go luath sa chéad nua, ba léir an fócas ar bhéaloideas, polaitíocht agus sochaí na hÉireann i saothar ealaíontóirí leithéid George Russell agus Sean Keating. Bhí an-éileamh in Éirinn tar éis neamhspleáchas a bheith bainte amach ar ábhar bainteach le bord farraige an iarthair, mar atá léirítear i bpictiúir ag Paul Henry, Gerard Dillon agus Jack B Yeats. Cuireadh tús sa tréimshe seo freisin le treochtaí Nua-Aoisí i bpictiúir de chuid Mainie Jellett agus Evie Hone, beirt a bhí oilte agus a d’oibrigh i bPáras i stiúideonna André Lhote agus Albert Gleizes.