Péintéireacht na Gearmáine


Is é a shealúchas de phictiúir phainéil ón séú céad déag buaicphointe de bhailiúchán ealaíne Gearmánach an Ghailearaí. I measc na saothar tá portráidí suntasacha ag Wolf Huber, Conrad Faber, Bernhard Strigel agus Georg Pencz, chomh maith le hábhair chreidimh ó cheardlann Lucas Cranach, príomhdhuine i Renaissance na Gearmáine. Tá portráid ghalánta ag an nGailearaí ón ochtú céad déag den Éireannach Thomas Connolly, a phéinteáil Anton Raphael Mengs sa Róimh.

Sa bhailiúchán tá pictiúir ó luath san fhichiú céad ag ealaíontóirí Eispriseanachais na Gearmáine Emil Nolde, Max Pechstein agus Gabriele Münter. I 2008 fuair an Gailearaí Umpferstedt III (1919) ag an ealaíontóir Gearmánach-Meiriceánach Lyonel Feininger; baineann an saothar seo lena dhearadh tábhachtach don chéad chlúdach den fhorógra Bauhaus.