Luathphéintéireacht Ísiltíreach & Phléimeannach


Áirítear sa bhailiúchán péintéireachta Luath-Ísiltírigh pictiúir phainéil ghalánta ag Gerard David agus Adriaan Ysenbrandt. Léirítear ealaín suntasach na hÍsiltíre Theas, a raibh a hionad ealaíonta aici in Antuairp, trí shaothair chreidimh, mhiotaseolaíoch agus phortráide ag Peter Paul Rubens, Jacob Jordaens agus Anthony van Dyck.

Tá comhoibreacha sa Ghailearaí ag David Teniers II agus Lucas van Uden, agus ag Jan Brueghel the Younger agus Rubens. Mar chuid den bhailiúchán Pléimeannach tá mórshaothar féasta ag Frans Snyders agus radharc oíche ag Adam de Coster a léiríonn tionchar Caravaggio.