Péuntéireacht Dhúitseach


Coimeádann an Gailearaí bailiúchán suntasach de phéintéireacht Dhúitseach ón seachtú céad déag.

Sa seachtú céad déag, i ndiaidh neamhspleáchas ón Spáinn a bhaint amach, bhí tréimhse de rathúnas eacnamaíoch i dtuaisceart na hÍsiltíre. Forbraíodh trádáil ealaíne faoi bhláth mar fhreagra ar mhian ag ceannaithe saibhre a gcuid tithe a mhaisiú. Bhí an-éileamh ar ábhair shaolta (portráidíocht, tírdhreacha, ábhar neamhbheo agus radhairc ar an ngnáthshaol) sa tréimhse siúd, ar a dtugtar sa lá inniu Ré Óir na Péintéireachta Dúitsí.

In Amstardam, bhí Rembrandt van Rijn i bhfad chun tosaigh mar an t-ardealaíontóir portráide, agus in Haarlem, bhí péintéireacht tírdhreacha faoi bhláth ag Jacob van Ruisdael. Bhí speisialachas ag Hendrick Avercamp, a chaith an chuid ba mhó dá shaol in Kampen, i radhairc bheoite an gheimhridh, agus chruthaigh Aelbert Cuyp, a bhí gníomhach in Dordrecht, radhairc faoi shoilse na gréine ina raibh daoine agus ainmhithe. Bhí an-éileamh ar radhairc a thaispeáin na híosaicmí, ina raibh teachtaireachtaí morálta go minic, mar a bhí an cás in íomhánna greannmhara de chuid Jan Steen. Go frithchosúil, bhí éileamh ar thaobhanna istigh galánta ‘ardsaoil’ i measc a lán bailitheoirí. Bhí speisialachas ag Johannes Vermeer in Delft agus Gabriel Metsu in Amstardam in a leithéid sin de radhairc theaghlaigh, agus torthaí den scoth i gceist.

I measc saothar na Scoile Dúitsí ná barrshaothair mar atá The Castle at Bentheim ag Jacob van Ruisdael, A Musical Party ag Gerrit van Honthorst, Joseph Selling Corn in Egypt ag Pieter Lastman, A Wooded Landscape – The Path on the Dyke ag Meindert Hobbema’s agus The Dilettanti ag Cornelius Troost.