Briotanach & Meiriceánach


Tá réimse pictiúr Briotanach sa Ghailearaí ón ré Thúdarach go dtí an lá inniu, agus béim ar leith ar ealaín ón ochtú céad déag.

Bhí buaicphointe ag portráidíocht fhoirmiúil, an cineál ealaíne is ceannasaí sa Bhreatain, san ochtú céad déag le saothar Joshua Reynolds, a thug ar iasacht ó mhiotaseolaíocht, ó litríocht agus stair ealaíne lena shamhlacha móra, mar atá a shamhail den Charles Coote rabairneach, an Chéad Iarla Belamont. I ndiaidh Reynolds, ba é Thomas Lawrence an t-ealaíontóir portráide ab fhaiseanta dá ghlúin, agus Angelica Kauffman ar rugadh san Eilvéis í príomhphéintéir mná na ré. 
Ba mhian leis na meánaicmí, a bhí ag dul i méid san ochtú céad déag, a gcuid samhlacha a bheith taifeadta ar chanbhás. Ghin a bpátrúnacht cineál nua seánra portráide neamhfhoirmiúil, píosa an chomhrá, inar bhain William Hogarth, Johann Zoffany agus Henry Raeburn barr feabhais amach sa phéintéireacht. Chruthaigh Thomas Gainsborough portráidí sochaí agus ‘pictiúir ghalánta’ d’fhigiúir i suíomhanna tuathúla, agus coimeádtar samplaí dóibh siúd sa bhailiúchán.

Thug Richard Wilson, ar rugadh sa Bhreatain Bheag é, péintéireacht thírdhreacha fhoirfe chuig a lánaibíocht. Noctadh ina radhairc ar Tivoli úire sa chur chuige a mbeadh tionchar acu ar ealaíontóirí tírdhreacha sa naoú céad déag John Constable agus J.M.W. Turner (is leis an nGailearaí breis agus tríocha saothar ar pháipéar de chuid Turner). Tugann an péintéir Meiriceánach John Singer Sargent, a bhfuil clú agus cáil air mar gheall ar a phortráidí snasta den sochaí, an naoú céad déag chun deiridh le radharc atmaisféarach sráide Veinéiseach.