Eolas faoin mBailiúchán

Thomas Couture, 'La Peinture Réaliste', 1865.

Tá 14,000 pictiúr, dealbh, saothar ar pháipéar agus objet d’art sa Ghailearaí Náisiúnta, ón tríú céad déag luath go dtí lár an fichiú céad.

Tá réimse suntasach sárshaothar sa bhailiúchán ag ealaíontóirí ó na mórscoileanna Eorpacha ealaíne, mar aon leis an mbailiúchán is cuimsithí sa domhan d’ealaín na hÉireann.