Jack of All Trades

PREASEISIÚINT: 26 IÚIL 2012


Jack B. Yeats

Jack of all Trades
Cartúin Punch de chuid Yeats agus Léirithe ag Péintéirí Éireannacha

28 Iúil - 2 Nollaig 2012
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Saorchead isteach.


Déanfar taispeántas de chartúin Punch ag Jack B. Yeats (1871-1957) a oscailt i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann Dé Sathairn, 28 Iúil, 2012. Sa taispeántas seo, tugtar 56 de bhailiúchán an Ghailearaí de chartúin Punch de chuid Yeats le chéile, cartúin a d’fhoilsigh sé san irisleabhar Briotanach seachtainiúil faoina ainm bréige ‘W.Bird’.

Bhunaigh Yeats gairmréim i Londain dó féin mar mhaisitheoir iriseora torthúil agus rathúil i ndubh agus bán, agus chuir saothar isteach go rialta chuig foilseacháin amhail Paddock Life, Ariel, Chums agus Lika Joko. Idir 1910 agus 1941, chuir Yeats breis agus 500 cartún chuig an irisleabhar Punch. Go deireadh a shaoil, níor admhaigh Yeats gurbh éisean an maisitheoir Punch ‘W.Bird’. Cheannaigh an Gailearaí na cartúin Punch atá ar taispeáint sa taispeántas seo i 2004.

Deir Pauline Swords, Cartlannaí Yeats GNÉ agus comhchoimeádaí an taispeántais: “Tugann an taispeántas deis iontach béim a leagan ar ghné ghairmréim anaithnid Jack Yeats mar mhaisitheoir. Tugann na cartúin Punch léargas ar ghreann tur agus samhlaíocht torthúil an ealaíontóra, is é sin gné dá charachtar a bhí le feiceáil freisin ina chuid oibre mar phéintéir.”

Mar chuid den taispeántas tá ábhar cartlainne ó leabharlann agus cartlann phearsanta Yeats, lena n-áirítear roinnt saothar atá ar iascacht ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Ina theannta sin, tá bunléaráidí agus léaráidí agus cartúin foilsithe ag ealaíontóirí Éireannacha eile le feiceáil: Richard Caulfield Orpen (1863-1938), William Crampton Gore (1871-1946), James Mahony (c.1816-1859), Henry Edward Doyle (1827-1892), Mathew James Lawless (1837-1864); Richard Thomas Moynan (1857-1906) agus Harry Jones Thaddeus (c.1859-1929). Léiríonn na saothair seo an cleachtas níos leithne de mhaisiú tráchtála ag péintéirí Éireannacha.

Is iad Pauline Swords (Cartlannaí Yeats GNÉ) agus Donal Maguire (Riarthóir GNÉ, An Lárionad um Staidéar ar Ealaín na hÉireann) coimeádaithe an taispeántais. Foilsítear bróisiúr le dul leis an taispeántas.


Jack of all Trades:
Cartúin Punch de chuid Yeats agus Léirithe ag Péintéirí Éireannacha
28 Iúil - 2 Nollaig 2012.
Gailearaí na bPriontaí. Saorchead isteach.
www.nationalgallery.ie

Leantar ar aghaidh le sraith chainteanna ar The World of Jack B. Yeats and Aspects of Irish Art go laethúil sa Ghailearaí le linn an tsamhraidh. Féach www.nationalgallery.ie/whatson