Countess Markievicz (1868-1927), Artist and Revolutionary


Kasimir Dunin-Markievicz (1874-1932)
Countess Markievicz (1868-1927), Artist and Revolutionary, 1899

Ola ar chanbhás, 205 x 91 cm
Ceannaithe, 1952
NGI.1231

Rinne Constance Gore-Booth staidéar ar an ealaín i Londain agus i bPáras, agus i 1900 phós sí Cunta Dunin-Markievicz, uaslathaí agus ealaíontóir Polannach. I 1903, d’aistrigh an lánúin go Baile Átha Cliath, áit a bhfuair Constance an-suim sa pholaitíocht náisiúnach. Chuaigh sí isteach in Inghinidhe na hÉireann agus i Sinn Féin agus d’oibrigh go dlúth le James Connolly, ag cuidiú leis na hoibrithe a chothú le linn an fhrithdhúnta i mBaile Átha Cliath i 1913. Ina dhiaidh sin chuaigh sí isteach in Arm Cathartha na hÉireann agus ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca i 1916. Cuireadh pianbhreith an bháis uirthi mar gheall ar a páirt san éirí amach, ach iomalartíodh é sin de thairbhe a inscne. I 1918 bhí sí ina céad bhean a toghadh go parlaimint na Breataine trí shuíochán a bhaint do Shinn Fein i mBaile Átha Cliath. Sheas sí in éadan an Chonartha Angla-Éireannaigh de 1921 agus ba bhunaitheoir í de Fhianna Fáil i 1926. Tá an phortráid seo neamhchoitianta sa mhéid is go léirítear an Chuntaois mar bhean uasal na sochaí, rud atá difriúil ar fad ó phortráidí di níos moille ina héide airm.

View a selection of paintings from the National Portrait Collection