Ag Tabhairt Cuairte ar Sheirbhísí Taighde

Rochtain

  • Ba chóir go gcuireann taighdeoirí iad féin i láthair ag ceann de na deasca eolais den Ghailearaí nuair a shroicheann siad í. 
  • Tá rochtain chathaoireacha rothaí don Seomra Léitheoireachta do Phriontaí agus Líníochtaí agus don CSIA tríd an ardaitheoir sa Sciathán Mílaoise.
  • Féadfaidh grúpaí staidéir suas le dháréag duine a bheith sa Seomra Léitheoireachta do Phriontaí agus Líníochtaí. 
  • Tá turais agus cuir i láthair do bhailiúcháin na Leabharlainne, Cartlainne agus CSIA ar fáil ar iarratas. 

Rialacháin

  • Tá na hoibreacha go léir ar pháipéar agus an t-ábhar leabharlainne agus cartlainne sobhriste agus mar sin caithfear beith cúramach leo agus meas a bheith agat orthu.
  • Ní cheadaítear aon bhia nó deoch. 
  • Le do thoil cinntigh go bhfuil do lámha glan agus an t-ábhar á ionramháil agat. 
  • Tá miotóga ar fáil le haghaidh ionramhála de pháipéar, cartlanna agus leabhair annamha.
  • Ní fhéadtar pinn tobar, pinn ghránbhioracha, pinn fheiltbhioracha ná pinn snáithínbhioracha a úsáid. Tá pinn luaidhe ar fáil le haghaidh nótaí a thógáil.
  • Ná luigh nó ná cuir aon rud ar an ábhar taighde. Go háirithe ná cuir do leabhar nóta nó páipéar ar earra ar bith agus atá  nótaí á dtógáil agat.
  • Ná marcáil, ná roc nó ná dúbail aon ábhar. 
  • Ná ligh nó ná taisrigh do mhéara chun na páipéir a chasadh.
  • Ní fhéadtar cóip a dhéanamh d’oibreacha ealaíne, cartlanna nó leabhair annamh. Le do thoil téigh i dteagmháil le ball foirne más mian leat cóip nó íomhá dhigiteach a fháil d’aon ábhar.
  • Ceadaítear do chuairteoirí sceitse a dhéanamh d’fhormhór na n-oibreacha ealaíne sa bhailiúchán le peann luaidhe amháin.
  • Ná mí-ordaigh nó ná athchóirigh cáipéisí scaoilte nó ná bain clibeanna nó dúntóirí ó na comhaid.
  • Ná cuir málaí nó éadaí ar bhoird an tseomra léitheoireachta.
  • Ba chóir tacaíochtaí leabhair a úsáid agus tú ag breathnú ar imleabhair chumhdaithe atá i gcoinníoll sobhriste.
  • Ceadaítear ríomhairí glúine a úsáid.
  • Tá na taighdeoirí freagrach as na cartlanna a dtugtar dóibh. Ní fhéadfaidh taighdeoir amháin na cartlanna a thabhairt go taighdeoir eile agus ní mór dó iad a thabhairt ar ais go dtí an ball foirne atá i mbun oibre.