Deirí Seachtaine

At the Family Programme

Clár Teaghlaigh

Gach Satharn, Meán Fómhair go Bealtain 3pm-4pm

Soláthraíonn an Clár Teaghlaigh deis do dhaoine fásta agus do pháistí taitneamh a bhaint as foghlaim faoi ealaín trí raon leathan de ghníomhaíochtaí bunaithe ar an mbailiúchán, trí iniúchadh a dhéanamh ar scéalaíocht, cheol, ealaín, fhilíocht agus ar dhrámaíocht.

Tá an Clár Teaghlaigh saor in aisce agus ní gá spás a chur in áirithe.

Eolas tábhachtach:
• Tá uimhreacha teoranta go 30 ar bhonn thús freastail ar na daoine is túisce
• Maireann an clár ar feadh uaire amháin
• Oiriúnach do pháistí ó 4 bliana go 10 mbliana, agus áiríonn sé gníomhaíochtaí do dhaoine fásta agus do pháistí ag obair le chéile faoi threoir teagascóra cháilithe
• Ba cheart páistí a bheith in éineacht le, agus faoi mhaoirseacht, duine fásta i gcónaí.


I bpáirt le

Matheson, Ormsby, Prentice