Vermeer


Johannes Vermeer (1632-1675)

Woman Writing a Letter, with her Maid , c.1670

Ola ar chanbhás, 71.1 x 60.5 cm
Bronnta, Sir Alfred agus Lady Beit, 1987 (Bailiúchán Beit)
NGI.4535

Meastar mar dhuine de phríomhphéintéirí na hÍsiltíre, bhí speisialachas ag Johannes Vermeer i radhairc sheánra, go háirithe iad a léiríonn mná i suíomhanna teaghlaigh. Taispeánann saothar Vermeer leibhéal gan fasach de mháistreacht ealaíonta ina sheachmall de réaltacht. Bíonn a fhigiúir ciúin agus neamhghníomhach go minic, rud a chuireann leis hatmaisféar sollúnta agus rúnda a chuid pictiúr. Bíonn oeuvre Vermeer go neamhghnách beag. Is dócha nach maireann ach tríocha a ceathair pictiúr.

Tá A Lady Writing a Letter ar na saothair is suntasaí de chuid Vermeer, agus é ina léiriú is uaillmhianaí aige ar an téama de scríobh litreach. Tá cailín tí ag stanadh amach as fuinneog, agus a máistreás ag scríobh litreach. Sa tulra ar an urlár luíonn séala dearg, bata céarach greamaithe agus litir le clúdach chuimilte nó lámhleabhar ar scríobh litreacha, cuidiú caighdeánach ag an am do chomhfhreagras pearsanta. Cibé acu atá fíor, is cosúil gur chaith an bhean na míreanna ar an urlár agus corraíl uirthi.

Le linn a shaoil, níor dhíol Vermeer A Lady Writing a Letter. Nuair a fuair sé bás thug a bhaintreach an pictiúr, agus pictiúr eile, do bháicéir áitiúil chun a costais le haghaidh aráin a chlúdach. 

View a selection of Dutch Paintings