The Liffey Swim


Jack B. Yeats (1871-1957)

The Liffey Swim, 1923

Ola ar chanbhás, 61 x 91 cm
Bronnta, Iontaobhaithe ó Iontaobhas Haverty, 1931
NGI.941

I The Liffey Swim gabhann Jack B. Yeats atmaisféar agus deann an imeachta atá mar chuid d’fhéilire spóirt bliantúil Bhaile Átha Cliath ó 1920. Cuireadh an snámh chun cinn i 1923, snámh a bhíonn ar siúl idir Iúil déanach agus Lúnasa luath, mar an ‘t-imeacht saor in aisce is mó sa bhliain i mbaile Átha Cliath’. Rásáil na hiomaitheoirí ó Ché Victoria go Droichead Butt, míle go leith le sruth, áit ar dtugadh duaiseanna do na chéad seisear a bhain an críoch amach. In atmaisféar neamhchinnte Bhaile Átha Cliath go luath sna 1920í, b’imeacht ceiliúrtha é Snámh na Life. Bhí gach saoranach, gan aird ar aois nó aicme, in ann páirt a ghlacadh ar bhealach iomaíoch nó tacaithe. Sceidealadh na rásaí luatha le tarlú tráthnóna ionas go mbeadh daoine in ann páirt a ghlacadh i ndiaidh a gcuid oibre.

Ina phictiúr, tugann Yeats cuireadh dá lucht féachána dul leis an imeacht trí iad a chur i measc na ndaoine.  Claonann an scaifte chun tosaigh, a tharraingíonn súil an fhéachadóra i dtreo na snámhóirí, a bhain pointe tábhachtach sa rás amach, agus a bhrúnn i dtreo na críochlíne. Tríd an bpeirspictíocht a dhíchumadh, ligeann Yeats dá phictiúr an ócáid iomlán a chuimsiú. Sa chúlra, guailleálann an lucht féachána le haghaidh áite, agus daoine ar thramanna ag iarraidh spléachadh a fháil ar an rás. Is dócha gurb é an duine sa fedora donn an t-ealaíontóir féin, agus gurb í an bhean a bhfuil an hata buí mionléirithe uirthi a bhean chéile, Cottie. Bronnadh bonn airgid ar Yeats mar gheall ar The Liffey Swim ag taispeántas Oilimpiceach Pháras i 1924.

View a selection of paintings from the Yeats Collection