About to Write a Letter


Jack B. Yeats (1871-1957)
About to Write a Letter, 1935

Ola ar chanbhás, 61 x 91 cm
Ceannaithe, 1964
NGI.1766

Tugadh an t-ábhar de About to Write a Letter ó The Fancy, leabhar beag filíochta ag Peter Corcoran, a foilsíodh ar dtús i 1820, ach rinne John Masefield atheagarthóireacht air agus léirigh Jack B. Yeats é i 1906. Díríonn na dánta sa leabhar ar ghrúpa fear óg scaoilteach, agus a saolta bainteach le dornálaíocht agus spóirt gharbha eile, agus is féidir é a léamh mar a bheadh an file ag fágáil slán ag laethanta fiáine a óige. Ba é Peter Corcoran nom-de-plume de John Hamilton Reynolds, dlúthchara le Keats.

Is suntasach é saibhreas na ndathanna a úsáideann Yeats anseo, ó scarlóideach san éadach boird go gorm agus uaine an bhalla sa chúlra. Mar an gcéanna, is suntasach iad na codarsnachtaí tonúla, mar atá idir aghaidh bháiníneach an fhigiúir agus duibhe dhlúth a chóta. Tá an samhaltú bríomhar go tipiciúil, ach achomair, ag ligeann do mhionsonraí leithéid na bpictiúr ar an mballa agus an phinn agus an pháipéir ar an tábla teacht amach ón saothar.

View a selection of paintings from the Yeats Collection