Turner


Joseph Mallord William Turner (1775-1851)
Le Pont du Château, Luxembourg, c.1839

Uiscedhath, guais agus graifít, agus mionsonraí curtha leis le peann tumtha in uiscedhath, ar pháipéar gorm fite, 13.9 x 19.2 cm 
Uachtaithe, Henry Vaughan, 1900
NGI.2429

Ar thuras go Lucsamburg i 1839, rinne Turner staidéir ar Pont du Château, a bhí ina nasc idir caisleán Chuntaí Lucsamburg agus an tseanchathair. Baineann an t-ealaíontóir radharc suntasach amach de chomhréireanna ollmhóra ar mhionscála, trí éifeachtaí atmaisféaracha agus dathanna saibhre a chomhcheangal. Freagraíonn sé go híogair ar an aeráid agus atmaisféar atá sonrach don áit. Tá an t-uiscedhath seo mar chuid de bhailiúchán de 31 uiscedhath a d’uachtaigh an saineolaí agus bailitheoir Henry Vaughan don Ghailearaí i 1900. Éilíonn coinníollacha thiomna Vaughan gur chóir go mbeadh na líníochtaí: ‘exhibited to the public all at one time free of charge during the month of January.’ Cloítear le coinníollacha thiomna Vaughan go dtí an lá inniu, agus dá bhrí sin, choinnigh na saothair a ndathanna beoga agus cuma fhoirfe orthu fós.

View a selection of Prints, Drawings & Watercolours