O' Conor


Roderic O’Conor (1860-1940)
Landscape with Dark Trees and a River/
Paysage avec des Arbres Sombres et une Rivière
, 1893

Eitseáil ar pháipéar, Leathán 36 x 51.3 cm (pláta 15 x 24.8 cm)
Ceannaithe, 2009.
NGI.2009.19

I 1893 d’oibrigh O’Conor le déantóir priontaí Francach Armand Seguin (1869-1903), ar shraith de phriontaí in Le Pouldu agus thart timpeall air, pobal cósta iargúlta thoir ó Pont-Aven. Léiríonn a phriontaí saibhreas d’éagsúlacht tonúil agus línte láidre treoracha, a chuireann in iúl go foirfe fórsaí fiáine an dúlra atá le fáil i dtírdhreach na Briotáine.  Mar gheall ar nádúr trialach eitseálacha drámata O’Conor, níor tarraingíodh ach líon beag profaí ó na bunphlátaí, rud a fhágann go bhfuil a leithéid de phriontaí fíorannamh.

View a selection of Prints, Drawings & Watercolours