H. Clarke


Harry Clarke (1889-1931)
The Wild Swans, 1914-15

Dúch agus uiscedhath, le haibhsithe dhath an choirp ar pháipéar, 30.5 x 21 cm
Bronntanas Oidhreachta, Lochlann agus Brenda Quinn, 2008.
NGI.2008.89.5

I 1913 thug George Harrap & Co, príomhfhoilsitheoirí i Londain, a chéad choimisiún mhórléirithe leabhair do Harry Clarke, ceithre bliana is fiche d’aois. Bhain an post suntasach seo le daichead léiriú leathanaigh iomláin a dhéanamh do Fairy tales ag Hans Christian Andersen. Foilsíodh an leabhar i 1916, agus an-mholadh faighte aige. Is é The Wild Swans ceann as deich gcinn d’uiscedhathanna ag Clarke do na scéalta draíochtacha seo, a fuarthas i 2008 (NGI 2008.89.1-2008.89.10). Tá ná leiriúcháin seo atá mionsonraithe go galánta i gcoinníoll fhoirfe fós. Tá a ndathanna mar a bheadh seoda iontu cosúil le saothar an ealaíontóra i ngloine dhaite.

View a selection of Prints, Drawings & Watercolours