Burton


Sir Frederic William Burton (1816-1900)
Hellelil and Hildebrand, the Meeting on the Turret Stairs, 1864

Uiscedhath agus gouache ar pháipéar, 95.5 x 60.8 cm
Uachtaithe, Margaret Stokes Uasal, 1900
NGI.2358

Tá sé seo ar na híomhánna is cáiliúla i mbailiúchán Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann. Glacadh an t-ábhar ó bhailéad meánaoiseach na Danmhairge a aistríodh go Béarla agus a foilsíodh i 1855. Insíonn se scéal Hellelil, a thiteann i ngrá le gárda pearsanta dá cuid, Hildebrand, Prionsa Engelland. Cuireann sé sin fearg ar a hathair agus cuireann sé a sheachtar mac chun an prionsa óg a mhárú. In ionad eachtra ón scéal a léiriú go díreach, roghnaigh Burton bualadh le chéile deiridh an leannáin. Tugadh tuilleadh déine agus nirt leis an íomhá trí aghaidheanna mothracha na bhfigiúr a úsáid, aghaidheanna a amharcann ar shiúl óna chéile, chomh maith leis an teagmháil bhog eatarthu. Tá na peitil róise ar an gcéim in aice Hellelil mar shiombail de dhíomuaine na háilleachta.

Ní raibh suim Burton in íomhánna meánaoiseacha neamhghnách i lár an 19ú céad. Bhí suim chosúil ag na Réamh-Rafaeilítigh, lena raibh sé cairdiúil, agus bhí staidéar á dhéanamh ar ailtireacht Ghotach ar dhóigh dháiríre don chéad uair riamh. Ach, bhí aird Burton ar mhionsonraí beagnach eolaíoch ina chruinneas. Ba dhlúthchara leis an ársaitheoir agus ealaíontóir Éireannach é, George Petrie, agus ba mhinic a thaistil sé leis, ag éirí eolach ar na cúrsaí seo.

Cé nár oibrigh Burton le hola, tá éifeacht atá cosúil le pictiúr ola san uiscedhath seo mar gheall ar dhéine agus srathú cruinne na ndathanna.

View a selection of Prints, Drawings & Watercolours