William John Leech (1881-1968)

A Convent Garden, Brittany, c. 1913

Ola ar chanbhás, 132 x 106 cm
Bronnta, May Botterell, 1952
NGI.1245

Taispeántar núíosach i machnamh domhain spioradálta. Agus leabhar urnaithe ina lámh aici amharcann sí suas mar a bheadh sí i gcumarsáid díreach leis na flaithis féin. Ar chúl, i scáthanna de gharraí daingean crainnlíneáilte tá grúpa ban rialta ag siúil in urnaí. Cé go bhfuil siad gléasta i ngnáthéadaí creidimh, tá an núíosach gléasta mar a bheadh brídeach ann. Ba ghnách le núíosacha feisteas brídeoige a chaitheamh ar an lá a ghlac siad a móideanna deiridh, mar shiombal go raibh siad ina mbrídeacha le Críost.

Sruthaíonn solas na gréine isteach sa gharraí. Thiteann sé ar aibíd agus boinéad an núíosaigh óig, agus nochtar an fhoirm thanaí ghalánta faoi. Frithchaitear dath na mbláthanna agus an fhéir in aice láimhe ar imreacha éadroma de liathchorcra, mar aon le glas agus bán. Léiríonn tiúlínte datha suim Leech san Impriseanachas, agus léirítear tionchar Van Gogh freisin. Tá sé sin seach-churtha, áfach, le líníocht agus péinteáil chúramach i bhfigiúr an chailín. Soláthraíonn a socracht suite in éadan na nduilleog agus an fhéir nóta suimiúil de chodarsnacht sa phictiúr.

Is é Concarneau sa Bhriotáin an suíomh. Bhí Leech an-tógtha leis an gcuid phictiúrtha seo den Fhrainc, mar a bhíodh a lán ealáíontóirí. Thug sé cuairt ar an gceantar go minic idir 1903 agus 1917. I 1904 tháinig tíofóideach ar Leech agus bhisigh sé in ospidéal áitiúil a bhí ag Siúracha an Spioraid Naomh. Is é an garraí seo atá léirithe sa phictiúr. Is í Elizabeth Saurine, céad bhean chéile an ealaíontóra, samhail don phictiúr.

View a selection of Irish Paintings