Hamilton


Hugh Douglas Hamilton, 1740-1808

Cupid and Psyche in the Nuptial Bower, 1792-1793

Ola ar chanbhás, 198 x 151 cm
Bronnta, Cairde Bhailiúchán Náisiúnta na hÉireann, 1956
NGI.1342

Spreag an miotas clasaiceach de ghrá Cupid do Psyche samhlaíocht a lán ealaíontóirí san ochtú céad déag. In ainneoin an teidil, is cosúil go dtaispeánann idirmhíniú Hamilton eachtra níos luaithe sa scéal. Is é an radharc suíomh coillearnaí san oíche. Tá na figiúir suite os comhair crainn mhóir ar a bhfuil ceannbhrat dearg. Sa chúlra tá bruach locha. Tá an Cupid óg galánta ina shuí ar an mbruach in aice crainn agus tarraingíonn sé Psyche go réidh chuige. In ainneoin a stad, is léir an grá idir an bheirt. Bhí an saothar seo spreagtha ag dealbh den ábhar céanna ag Antonio Canova, a bhí ag obair sa Róimh le linn blianta deireanacha Hamilton sa chathair sin. Athchuimhníodh foirmeacha nua-chlasaiceacha Canova i bhfigiúir mhíne idéalaithe na leannán óg.
Neartaítear téama miotaseolaíoch an phictiúir le siombalachas. Tá an dá fhigiúr sciathánach. Is sciatháin féileacáin iad sciatháin Psyche's, siombal den anam agus de Psyche in ealaín na Gréige. I dtulra an tsaothair ar dheis suíonn fíorfhéileacán ar róis, gné Cupid. Sa tulra ar chlé leagtar a ghnéithe eile ar an talamh, an bogha agus an bolg saighead. Tá eidhneán, siombal na neamhbhásmhaireachta, scáthaithe i gcoinne an chúlra.

Taispeánadh an pictiúr i mBaile Átha Cliath i 1800, agus an-mholadh faighte aige ó na léirmheastóirí.

View a selection of Irish Paintings