Fra Angelico


 

Fra Angelico (c. 1400-1455)

Saints Cosmas and Damian and their Brothers Surviving the Stake, c. 1439-1442

Teampara ar phainéal adhmaid, 37.8 x 46.4 cm
Ceannaithe, 1886
NGI.242

Ba bheirt dheartháireacha ina lianna iad Cosmas agus Damian a raibh cónaí orthu i san Áise Bheag sa tríú céad. Ba Chríostaithe iad beirt agus a dtriúr deartháireacha, agus le linn na ngéarleanúintí Dióicléitiánas ordaíodh iad a ndílseacht do na déithe traidisiúnta a chruthú le híobairt. Nuair a dhiúltaigh siad, chuir Lycias, an consal Rómhánach, faoi shraith de chéasta brúidiúla iad. Go míorúilteach, tháinig siad slán sábháilte ó na céasta, ach sa deireadh dhícheann an Consal feargach iad.

Is é an scéal atá léirithe anseo an iarracht neamhthairbheach na cúigear deartháireacha a dhó. Timpeallaíonn ciorcal lasracha iad, ach tiontaíonn an tine in éadan na gcéastúnach, faoi shuíle díchreidmheacha Lycias agus a uaisle.

Bhí an painéal beag seo mar chuid den predella (clár íochtar) den mír altóra ba thábhachtaí de chuid Fra Angelico. Tá codanna eile de scaipthe i ngailearaithe éagsúla ar fud an domhain. Péinteáladh an mhír altóra don Egalais San Marco i bhFlórans, agus í coimisiúnaithe ag Cosimo de' Medici – a bhfuil a ainm macallaithe i ngairmréim Naaomh Cosmas agus Damian (ciallaíonn ‘medici’ 'lianna' in Iodáilis).

Tá Fra Angelico ar na mórmháistrí Renaissance Fhlórans. I 1407 chuaigh sé isteach sa mhainistir Dhoiminiceach ag Fiesole, ag úsáid an ainm Fra Giovanni. Laistigh de chúpla bliain ba é an péintéir mainistreach is cáiliúla san Iodáil.

View a selection of Italian Paintings