Dillon

Gerard Dillon, 'The Little Green Fields', c.1945.

Gerard Dillon (1916-1971)

The Little Green Fields, c. 1945

Ola ar chanbhás, 40.5 x 89 cm
Uachtaithe, Máire MacNeill Sweeney, 1987
NGI.4520

Ón dara cogadh domhanda amach, thug Gerard Dillon cuairteanna rialta ar Chonamara in iarthar na hÉireann. Mar a bhíodh a lán ealaíontóirí Éireannacha roimhe, bhí sé spreagtha ag an tírdhreach lom ach galánta de shléibhte, farraige agus lochanna. Bhí sé meallta freisin ag an nós maireachtála simplí agus saonta a fuair sé ansin. Bhí luas an tsaoil faoin tuath mall, i gcomparáid leis sin sna bailte uirbeacha agus sna cathracha in áiteanna eile in Éirinn. Tá gnéithe sa radharc seo atá bainteach go tipiciúil le bord farraige an iarthair: marcálann na ballaí tirime cloiche gach píosa talún amach, na teachíní ceann tuí, gníomhaíochtaí na ndaoine, a n-ainmnithe feirme. Tá an t-am i láthair nasctha leis an am atá thart trí láithreacht de reilig bheag, figiúr de mhanach dealbhaithe, fothracha na mainistreach, an dolmain agus an ardchros. Úsáideann Dillon imlínte simplí, foirmeacha leacaithe agus géarchodarsnachtaí datha a amharcann siar ar ealaín na tréimhse Ceiltí-Críostaí. Ar an mbealach seo, neartaítear tuilleadh an mothú d'áit shuthain.

Tá stíl shimplí shaonta Dillon oiriúnach go háirithe don ábhar. Léiríonn sé freisin an fíoras nár thosaigh sé a phéinteáil go dáiríre go raibh sé tríocha bliain d‘aois. Bhí sé ina bhall gníomhach de chuid mhór grúpaí ealaíne agus sheas sé d’Éirinn ag roinnt taispeántas idirnáisiúnta.

View a selection of Irish Paintings