Sir John Perceval, 3rd Bt. (1660-1686), Patron of the Arts as a boy


Thomas Pooley (1646-1723)
Sir John Perceval, 3rd Bt. (1660-1686), Patron of the Arts as a boy, c.1670

Ola ar chanbhás, 77 x 63.8 cm
Ceannaithe, 1996
NGI.4627

Is í an phortráid leathfhad seo ceann i sraith de thrí cinn de na deartháireacha Perceval. D’fhreastail na deartháireacha go léir ar Choláiste Christchurch, Oxford, nuair is féidir gur rinneadh an pictiúr seo. Rugadh John i mBaile Mhic Cua, Contae Chorcaí, agus i 1680 tháinig i gcomharbacht ar an deartháir is sine Robert don bhairnéadacht. Go tragóideach, cé go léirítear mar dhaoine óga muiníneacha iad i pictiúir Pooley, fuair an triúr deartháireacha bás in aois óg. Dúnmharaíodh Robert, cearrbhach agus cleachtóir an chomhraic aonair, sa Strand, Londain, ag fiche bliain d’aois. Nimhíodh Philip ag fiche a ceathair bliain d’aois, agus fuair John bás ón bhfiabhras príosúin, a fuair sé ó phríosúnaigh, ag fiche a sé a bliain d’aois. Creidtear go bhfuair an t-ealaíontóir roinnt oiliúna sa phéintéireacht ó Sir Peter Lely (1618-80). Bhain sé Baile Átha Cliath amach i 1676 agus d’éirigh ina phríomhphéintéir don Bhunaíocht go ceann fiche bliain ina dhiaidh sin.

View a selection of paintings from the National Portrait Collection