Seamus Heaney, Poet


Edward McGuire (1932-1986)
Seamus Heaney (1939-), Poet, 1974

Ola ar chanbhás, 31 x 23 cm
Ceannaithe, 1974
NGI.4112 

Rugadh i gContae Dhoire é agus bronnadh céim ar Shéamus Heaney in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. I 1972 d’aistrigh sé ó dheas, ag lonnú ar dtús in Áth na Fuinseoige, Co. Chill Mhantáin. Foilsíodh a chéad bhailiúcháin, Wintering Out agus North, i 1972 agus 1976 faoi seach. Sna fiche a dó bliain ina dhiaidh sin bhí poist mhúinteoireachta aige i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus ag Berkeley, California. I 1984 toghadh é chuig Cathaoirleach Boylston de Reitric agus Óráidíocht ag Harvard, agus d’oibrigh mar Ollamh Filíochta ag Oxford ó 1989-94. Tá cuid mhór duaiseanna liteartha bainte ag Heaney, lena n-áirítear Duais Nobel na Litríochta i 1995. Mar a rinne W.B. Yeats, spreag Heaney suim san fhilíocht i measc an phobail i gcoitinne. Is sampla den scoth é de scileanna teicniúla McGuire cur i gcrích mionchúiseach na portráide seo den fhile óg. Is eol gur shocraigh McGuire a chuid dathanna le cruinneas eolaíoch.

View a selection of paintings from the National Portrait Collection