Maria, Countess of Coventry (1733-1760), renowned beauty


Francis Cotes (1726-1770)
Maria, Countess of Coventry (1733-1760), renowned beauty, 1751

Ola ar chanbhás, 75 x 62 cm
Ceannaithe, 1894
NGI.417

Ba í Maria an duine is sine de cheathrar iníonacha ag John Gunning as Baile Mhic Oireachtaigh, Co. Ros Comáin. Bhí áilleacht thriúr de na hiníonacha seo, ar a dtugtar  ‘Three Graces’, ina hábhar an-díospóireachta i Londain i 1751. Bhí rún acu gairmréimeanna a leanúint san amharclann, ach chomh mór sin a raibh an tsuim iontu cheana féin, thóg a máthair go Londain iad le fir chéile shaibhre a aimsiú dóibh. Phós Elizabeth Diúc Hamilton, agus phós Maria Iarla Coventry. Bhí stádas na réaltaí acu. Bhí coimhdeacht mhíleata de dhíth ar Maria lena cosaint ó ghliúcaigh agus í ar a siúlóid laethúil i bPáirc Hyde. Ar an drochuair, fuair sí bás ó thomhaltas agus í fiche a seacht bliain d’aois. Tháinig deich mile duine lena cónra a fheiceáil. Ba ealaíontóir óg é Francis Cotes a bhí ag streachailt nuair a coimisiúnaíodh é na deirfiúracha Gunning a phéinteáil le linn a gcéad bhliain i Londain. Ba ealaíontóir pastail den scoth é freisin.

View a selection of paintings from the National Portrait Collection