Jonathan Swift (1676-1745), Satirist


Charles Jervas (1675-1739)
Jonathan Swift (1676-1745), 1709/16

Ola ar chanbhás, 76.3 x 63.5 cm
Ceananithe, 1875
NGI.177

Rugadh Déan Jonathan Swift i mBaile Átha Cliath. Tar éis gairmréime neamhshuntasach i gColáiste na Tríonóide, fostaíodh é mar rúnaí ag an bpolaiteoir Sasanach Sir William Temple in Surrey. Chun a ghairmréim a chur chun cinn ghlac Swift Ord Coisricthe, ach níor chaith sé mórán ama in Éirinn, an roghnachas a bhí aige am a chaitheamh i Londain, áit ar scríobh sé paimfléid pholaitíochta géara den scoth, agus aortha frith-Fhuig dá chairde. Scríobhadh Gulliver’s Travels, áfach, an aoir is cáilúla ag Swift ar an sochaí, nuair a bhí sé ina Dhéan in Ardeaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath. Is é an t-ealaíontóir Éireannach Charles Jervas a phéinteáil an phortráid seo de Swift, ealaíontóir a rinne staidéar san Iodáil agus a bhí ina mhac leinn ag Godfrey Kneller, príomhphéintéir portráidí lena linn i Sasana. Cé go an-tionchar ag stíl agus úsáid Kneller den fhigiúir ar ealaíontóirí Éireannacha agus Briotanacha ar feadh céad bliain beagnach, chruthaigh Jervis go raibh seisean ina ealaíontóir portráide nualaíoch freisin.

View a selection of paintings from the National Portrait Collection