John O’Leary (1830-1907), Fenian


John Butler Yeats (1839-1922)
John O’Leary (1830-1907), Fenian, 1904

Ola ar chanbhás, 91 x 71 cm
Bronnta, Mr. C. Sullivan i gcuimhne Mr. J. Quinn, 1926
NGI.595

Choimisiúnaigh Cumann Náisiúnta Liteartha an phortráid seo de John O’Leary, an dara ceann ag John Butler Yeats. Rugadh O’Leary, poblachtánach agus Uachtarán na hArdchomhairle i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann, i dTiobraid Árann.Bhí baint aige leis an ngluaiseacht, Éire Óg, agus ghlac páirt san Éirí Amach i 1848. Chaith sé tamall gairid i bpríosún mar gheall ar a pháirt ann. Lonnaigh se i bPáras ar theacht amach dó. Bhí sé in éadan an ‘Tionscnamh Nua’ agus Conradh na Talún, agus tháinig ciall cheannaithe air le Fíníneachas de réir a chéile. Ghlac se páirt i dtuilleadh gníomhaíochtaí liteartha agus iriseoireachta, d’oibrigh mar chomheagarthóir ar The Irish People, agus cuireadh i bpríosún é ar dhúnadh an nuachtáin i 1865. Pheinteail John Butler Yeats a lán Eireannach cáiliúil lena linn, idir fhir agus mhná. Ba athair é ag an bhfile W.B. Yeats, an péintéir Jack B. Yeats agus Lily agus Loly Yeats, beirt atá tábhachtach i stair ghluaiseacht na n-ealaíon agus na gceirdeanna ag tús an chéid seo caite.

View a selection of paintings from the National Portrait Collection