Péintéireacht na Fraince


Is ón seachtú-, ochtú- agus naoú céad déag an chuid is mó de na pictiúir Fhrancacha sa bhailiúchán.

Sular bunaíodh acadamh ealaíne i bPáras i 1648, ba ghnách le mórán ealaíontóirí Francacha taisteal chun na hIodáile le haghaidh staidéir nó le haghaidh oibre. Chaith cuid acu, mar atá Nicolas Poussin agus Claude Lorrain, an chuid ba mhó dá ngairmréimeanna ann. D’fhan daoine eile, mar atá Simon Vouet, ar feadh tamaill, faoi thionchar Caravaggio. Tá samplaí an-ghalánta sa Ghailearaí de shaothair Claude agus Vouet, chomh maith le ceithre phictiúr thábhachtacha chreidimh agus mhiotaseolaíochta ag Poussin.

Tá na saothair ghleoite ag Jean-Siméon Chardin, Nicolas Lancret, François Boucher agus Jean-Honoré Fragonard tipiciúil don tréimhse Rococo, agus léirítear cuannacht srianta na ré nuachlasaicí sa bhailiúchán le portráid de chuid Bharún François Gérard Julie Bonaparte as Queen of Spain. Rinneadh Funeral of Patroclus ag Jacques Louis David nuair a bhí an t-ealaíontóir ina mhac léinn ag Académie Française sa Róimh i 1778. 

Tá téamaí Orientaliste comhroinnte idir saothair ag ealaíontóirí ón naoú céad déag Jean-Léon Gérôme, Gustave Guillaumet agus Eugène Fromentin, ar a raibh an-éileamh sa Fhrainc. Tá bailiúchán mór tírdhreach ag an nGailearaí ag péintéirí Barbizon, lena n-áirítear Jean-François Millet agus Constant Troyon mar aon le saothair ag an bpéintéir staire Jean-Louis-Ernest Meissonier. Tá dhá phíosa sa bhailiúchán ag an bpéintéir Réalaíoch Jules Breton, lena n-áirítear a shárshaothar, The Gleaners, a phéinteáil sé i 1854.

Léirítear na hImpriseanaithe le tírdhreacha agus radhairc istigh ag Claude Monet, Pierre-Auguste Renoir, Camille Pissarro, Gustave Caillebotte, Berthe Morisot agus Eva Gonzalès. Áirítear le healaín na Fraince ó thús an chéid trí phictiúr pointilliste ag Paul Signac agus trí shaothar ag an Intimiste Pierre Bonnard.