Bailiúchán Náisiúnta Portráidí


Téann bunús Bhailiúchán Náisiúnta Portráidí siar go 1875. Ní raibh an chóiríocht a thug Leabharlann Marsh, an leabharlann phoiblí is sine in Éirinn (bunaithe i 1701), de dhíth a thuilleadh, mar chomhaontaigh Benjemin Lee Guinness maoiniú a thabhairt d’athchóiriú an fhoirgnimh i gClós Phádraig. Dá bhrí sin, bhí an seomra fairsing ar urlár na talún ar chúl an Sciatháin Dargan ar fáil don Ghailearaí. Mhol Henry Doyle, Stiúrthóir, gur chóir an chóiríocht a úsáid le Bailiúchán Náisiúnta Stairiúil agus Portráidí a choinneáil ann. Ag an tús, bhí cuid mhór den taispeántas comhdhéanta de phriontaí agus saothair ghreannadóireachta, cuid mhór acu siúd a ceannaíodh ón mBailiúchán Chaloner Smith i 1887. Thar na blianta, forbraíodh an bailiúchán le breiseanna de phictiúir, líníochtaí, uiscedhathanna agus dealbha, a léiríonn Éireannaigh shuntasacha a chuir le saol sibhialta, sóisialta agus cultúrtha an náisiúin.

Ó 1998 i leith, feabhsaíodh an bailiúchán le saothair choimisiúnaithe a léiríonn gníomhú níos comhaimseartha le cúrsaí an náisiúin agus réimse níos leithne d’ábhair.  Le tacú ó Irish Life & Permanent, lig an tsraith de phortráidí comhaimseartha don Ghailearaí idirgníomhú leis an bpobal comhaimseartha ealaíonta. I measc bhuaicphointí na sraithe tá Mary agus Nicholas Robinson ag Mark Shields, Ronnie Delaney ag James Hanley, Bono ag Louis le Brocquy agus Maeve Binchy ag Maeve McCarthy. Cuireadh portráid de Brian Friel ag Mick O’Dea, saothar eile coimisiúnaithe, leis an mbailiúchán ar na mallaibh.