Stoc-Áireamh: Faighte 2000-2010

PREAS EISIÚINT: Márta 2010

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Ar bun 13 Márta - 25 Iúil 2010
Cead Isteach saor in aisce.

Cuirfear ar taispeáint saothair ealaíne atá faighte ag an nGailearaí Náisiúnta le deich mbliana anuas agus a léireoidh an fhorbairt agus an feabhas atá tagtha ar bhailiúcháin na hEorpa agus na hÉireann le blianta beaga anuas. Tabharfaidh Stoc-Áireamh: Faighte 2000-2010 le chéile breis agus 100 péintéireacht, prionta agus líníocht a léireoidh fás ar réimsí éagsúla bhailiúcháin an Ghailearaí. Taispeánfar saothair ealaíne bhreise ó mháistrí cáiliúla na hEorpa, ón seachtú aois déag go dtí tús an fhichiú aois, ina measc Guercino, Boucher, van Gogh, Renoir, Bonnard, Pechstein agus Feininger agus in éineacht leo sin beidh raon de shaothair thábhachtacha de na healaíontóirí is mó ráchairt in Éirinn ar nós Thomas Roberts, John Lavery, William Orpen, Jack B. Yeats, Louis le Brocquy agus William Scott. Is é an taispeántas seo an chéad mhór-thaispeántas atá dírithe ar shaothair a fuarthas ó 1988 agus beidh an léiriú i Sciathán Beit agus sa Seomra Priontaí ón 13 Márta go dtí 25 Iúil 2010.

Is é Adrian Le Harivel, Coimeádaí Phéintéireacht na Breataine agus an t-eagarthóir ar an gcatalóg don taispeántas a dhéanfaidh an comhordú agus is iad coimeádaithe an Ghailearaí a roghnaigh na saothair don taispeántas agus scríobh gach duine acu an tráchtaireacht faoi leith atá sa chatalóg.(Ar fáil ar €19.95, Siopa an Ghailearaí).

"Le blianta beaga bhí fócas ar réimse an bhailiúcháin don tréimhse i ndiaidh 1870 a neartú, an tréimhse inar measadh an Gailearaí a bheith in isle brí" a deir Raymond Keaveney, Stiúrthóir an Ghailearaí Náisiúnta. Chun na críche sin bhí an t-ádh ar an nGailearaí saothar de chuid Pierre Bonnard, Gustave Caillebotte, Hermann Max Pechstein, Gabriele Münter a fháil agus obair de chuid an ealaíontóra Lyonel Feininger a rugadh i Meiriceá agus a mbeidh a shaothar suntasach Umpferstedt III (1919) ar taispeáint don chéad uair ó ceannaíodh i Nua Eabhrac é i 2008.

Tá bailiúchán na hÉireann tagtha in aibíocht go mór le deich mbliana anuas agus péintéireachtaí agus líníochtaí den scoth ceannaithe agus beidh go leor díobh sa taispeántas seo: ó Hugh Douglas Hamilton, Cúipid agus Sícé (c.1792), staidéar le peann agus dúch don phéintéireacht cháiliúil atá ar crochadh sa Ghailearaí; ó Adam Buck, Portráid Mhuintir Edgeworth ó Chontae Longfoirt (1787); ó Daniel Maclise, Portráid John Francis Maguire (1827); ó Paul Henry, Sráidbhaile i gConamara (1933-34); ó Mainie Jellett, Eilimint Shingil (1927); ó George Collie, Béile an Mheánlae (c.1927). Beidh roinnt saothar ó William Orpen ar taispeáint mar Bean agus Cliabhán Éin (1900-1905); a staidéar do Bhainis san Iarthar (c.1914); agus a phortráid tharraingteach den teanór cáiliúil An Cunta John McCormack (1923), a ceannaíodh i Londain sa bhliain 2009. Le gairid cheannaigh an Gailearaí saothar tábhachtach ó William Scott Friochtán, Uibheacha agus Naipcín (1950). Mar a léiríonn an taispeántas seo braitheann forbairt an bhailiúcháin i gcónaí ar fhlaithiúlacht na mbronntóirí agus na bpatrún: "Níl ceist ar bith ann ach gur mar bhronntaí atá an chuid is mó de shaothair luachmhara an Ghailearaí faighte " a dúirt Raymond Keaveney.

Sa chomhthéacs seo is fiú a thabhairt ar aird go mbeidh Íacób Ag Tabhairt a Bheannachta do Chlann Mhac Iosaíf (1620) ó Guercino ar taispeáint, an chéad shárshaothar Iodálach a cheannaigh Denis Mahon Uasal i 1934, agus atá ar cheann de na hocht gcanbhás iontacha a bhronn an scoláire agus an bailitheoir mór le rá ar an nGailearaí. Is í an Bantiarna Clementine Beit bronntóir cáiliúil mór le rá eile a bhronn i 2000 an t-uiscedhath álainn An Réin Chaisealach (thart ar 1837) ó JMW Turner.

Agus é ag machnamh ar an ról tábhachtach atá ag bronntaí sa taispeántas seo is é dúirt Raymond Keaveney : "cé go gcuireann saothair a cheannaítear go mór le bailiúcháin tá bronntaí in ann níos mó ná na hinstitiúidí poiblí a dhéanamh go háirithe i gcomthéacs na bpraghsanna a bhíonn ar shaothair na máistrí ar an margadh."

Léiriú é an taispeántas ar an leas atá déanta ag dreasachtaí cánach do bhailiúcháin ó tháinig an Mhílaois nua. Chuidigh Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha (1997), mar aon leis na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoin Acht um Chiste Oidhreachta, 2001, go mór ó thaobh cur leis an mbailiúchán: "Thug faoiseamh cánach a bheith ar fáil ó thaobh deonachán deis píosaí tábhachtacha ár n-oidhreachta náisiúnta a d'imigh as an tír sna blianta roimhe seo de bharr brú eacnamaíochta agus brúnna eile ar na chéad úinéirí a fháil ar ais" a deir Raymond Keaveney.

Tá an saothar Teaghlach (1951) le Louis le Brocquy's i measc na saothar ealaíne is suntasaí atá faighte faoi na scéimeanna seo, saothar a taispeánadh ag Biennale sa Veinéis i 1956; dhá phéintéireacht iontacha ó bheirt ealaíontóirí ón seachtú aois déag ón Ísiltír, is iad sin Gerard van Honthorst, Cóisir Ceoil (1615-18) agus ó Aelbert Cuyp, Tírdhreach le Portráid d'Ógánach agus Teagascóir ar Muin Capaill (c.1650-52), a bhíodh fadó ag Iarla Charlemont agus Diúc Laighean faoi seach. Ina dhaidh sin bronnadh i 2007 grúp-phortráid theaghlach Éireannach de Mhuintir Mhic Gearailt i bPáirc an Thurlaigh i gContae Mhaigh Eo (1784) ó Johann Zoffany.

Beidh an taispeántas Stoc-Áireamh: Faighte 2000-2010 sa Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ón 13 Márta go dtí 25 Iúil 2010. Beidh saorchead isteach.

Beidh clostreoir in aisce ar fáil don taispeántas, agus cainteanna agus turais ó Mhárta go Bealtaine.


Uaireanta Oscailte an Ghailearaí:
Luan-Satharn 9.30am-5.30pm; Déardaoin 9.30am-8.30pm;
Dé Domhnaigh 12.00pm-5.30pm. Tá cead isteach saor in aisce chuig an nGailearaí.

Le haghaidh breis eolais & íomhánna, téigh i dteagmháil le:
Valerie Keogh/Emma Pearson
Oifig Chumarsáide & Phreasa
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Rphost: press@ngi.ie