Helen Mabel Trevor (1831-1900), Artist


Helen Mabel Trevor (1831-1900)
Self-portrait, 1890s

Ola ar chanbhás, 66 x 55 cm
Miss R. Trevor Bronntanas, 1900
NGI.502   

Bhí suim ag Helen Mabel Trevor go luath ina saol sna healaíona agus bhí bua aici iontu freisin. Ach, níor thosaigh sí lena staidéir ag an Acadamh Ríoga i Londain go dtí na 1870í, nuair a d’éag a tuismitheoirí. D’fhreastail sí freisin ar Académie Julian i bPáras. Thaistil sí chun na Briotáine, chun na Normainne agus go háiteanna níos faide ar shiúl, agus choinnigh sí dialann ar a taistil, rud a léirigh sí go sciliúil. Rinne sí portráidí agus radhairc sheánra. Lonnaithe i bPáras idir 1889 agus 1900, thaispeáin Trevor go rialta ag an Salon. Go luath sna 1890í, d’fhill sí ar an mBriotáin lena deirfiúr, agus lean ar aghaidh le daoine agus radhairc áitiúla a phéinteáil. Léiríonn sí í féin anseo mar ealaíontóir  muiníneach agus lánaibí a bhí ar bharr a réime, agus caipín, caifirín agus gúna tipiciúil á gcaitheamh aici, agus pailéad ina lámh.

View a selection of paintings from the National Portrait Collection